Baile Téarmaí

Téarmaí

Dlínse

Bunaíodh an suíomh idirlín in Éirinn de réir dhlíthe na hÉireann agus rialófar an suíomh de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go rialófar an úsáid a bhainfidh tú as an suíomh agus as aon fhaisnéis ar an suíomh de réir dhlíthe na hÉireann freisin agus má thagann aon díospóid chun cinn de bharr an úsáid a bhaineann tú as an suíomh nó as aon fhaisnéis ar an suíomh, aontaíonn tú go dtabharfaidh tú cead go n-éistfear an díospóid sin igcúirteanna na hÉireann.

Mionathruithe

Coinníonn an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair de cheart aige féin athruithe a dhéanamh ar fhaisnéis, ar dhearadh agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar shuíomh idirlín etenders gan fhógra agus gan dliteanas.

Coinníonn an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair de cheart aige féin cur le téarmaí an chomhaontaithe seo nó na téarmaí a leasú nó a athrú trí fhógra faoi athruithe den sórt sin a fhoilsiú ar a shuíomh idirlín (sa rannóg Nuachta) agus má leanann tú ar aghaidh leis an tseirbhís a úsáid, beidh sé sin ina chomhartha gonglacann tú leis na hathruithe.

Ábhar an tSuímh

I gcás go dtarchuirfidh tú ábhar chuig suíomh idirlín na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair nó go n-aistreoidh tú ábhar chuig an suíomh ar bhealach eile, ní bheidh freagracht ar an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ná ar a ghníomhairí as cruinneas, fírinneacht ná iomláine an ábhair sin ná as aon earráidí sa bhealachinar iontráladh é.

Ní ceadmhach cáipéisí ar an suíomh seo a leasú, a athrú nó a mhodhnú ar bhealach ar bith. Ní ceadmhach cáipéisí ar an suíomh seo a atáirgeadh gan toiliú na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair ná toiliú úinéir/soláthraí na gcáipéisí atá i
gceist.

Aontaíonn úsáideoirí an tsuímh idirlín nach n-uaslódáilfidh siad aon ábhar, ceisteanna san áireamh, a bheidh mailíseach, maslach, suaibhreosach nó míchuí ar bhealach eile. Tá an rannóg téigh i dteagmháil linn den suíomh idirlín san áireamh leis seo. Díchlárófar duine má sháraítear na téarmaíúsáide ar an gcaoi seo ar bhealach ar bith.

Cumarsáid le húsáideoirí

Ó am go ham, eiseofar ríomhlitreacha ón suíomh chuig úsáideoirí cláraithe ina mbeidh faisnéis a bhaineann leis an suíomh amhail fógraí faoi athruithe móra nó fadhbanna leis an suíomh. Ar uairibh, féadfar suirbhéanna a eisiúint chun a dhéanamh amach cé chomh sásta is atá úsáideoirí leis an suíomh, chomh maith le teachtaireachtaí eile a bhainean le cúrsaí soláthair phoiblí. Ní eiseofar teachtaireachtaí mionchúiseacha áfach agus ní eiseofar ríomhlitreacha thar ceann tríú páirtí i gcúinsí ar bith. Lena chois sin, ní cheadaítear fógraíocht thar ceann comhlachtaí nach bhfuil san earnáil phoiblí ná thar ceann comhlachtaí tráchtála.

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá ar an suíomh seo faoi réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000. Féadfar an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó printéir ar mhaithe le húsáid phearsanta amháin. Nuair a bheidh an t-ábhar seo á eisiúint do dhaoine eile, caithfear an fhoinse lena n-áirítear an URL agus an stádas cóipchirt a admháil.

Ní bhaineann an cead le hábhar faoi chóipcheart an Rialtais a atáirgeadh le haon ábhar ar an suíomh ar le tríú páirtí é b’fhéidir. Caithfear údarú a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt atá i gceist le hábhar den sórt sin a atáirgeadh.