Treoir maidir leis an tSaoráil Faisnéise
Tá feidhm ag reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise (SF) maidir le go leor comhlachtaí poiblí éagsúla agus féadfar faisnéis a iarraidh maidir le taifid a bhaineann le nós imeachta de chuid údaráis chonarthaigh i leith tairiscintí i gcás go bhfuil an t-údarás conarthach sin cuimsithe faoin Acht um SF. D'fhéadfadh taifid áirithe a bheith díolmhaithe ó fhorálacha an Achta ar fhorais na rúndachta nó na híogaireachta ó thaobh cúrsaí tráchtála. Iarrtar ar lucht déanta tairiscintí, de ghnáth, aon fhaisnéis atá áirithe ina gcuid tairiscintí ar mian leo go mbreathnófaí uirthi mar fhaisnéis faoi rún, a thabhairt le fios móide cúiseanna le tacú leis an mian sin. Rachaidh oifigeach an údaráis chonarthaigh a dhéanfaidh na cinntí i gcomhairle le tairgeoir de ghnáth sula ndéanfar cinneadh maidir le cibé acu an nochtfar faisnéis dá leithéid de bhun iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní scaoiltear aon chatagóir taifead a bhaineann le tairiscintí ná ní dhíolmhaítear aon chatagóir taifead dá leithéid mar aicme tairiscintí áfach. Mar sin, caithfear fiúntais gach taifid a scrúdú ina gceann agus ina gceann agus is ar an gcomhlacht poiblí ábhartha sin a bhíonn an fhreagracht i gcónaí as an gcinneadh deiridh leis an taifead a nochtadh.
Leis an gcur chuige atá leagtha amach sa treoir seo, táthar ag féachaint le teacht ar réiteach idir an mhian le hoscailteacht agus cuntasacht níos mó a bhaint amach, agus an gá lena chinntiú nach ndéantar díobháil don iomaíochas sa mhargadh poiblí, ar a laghad, agus b'fhearr linn an t-iomaíochas sin a spreagadh. Ba chóir a thabhairt do d’aire go n-áirítear teachtaireachtaí ríomhphoist agus comhfhreagras ginearálta, idir comhlachtaí poiblí agus le soláthraithe, agus laistigh de chomhlachtaí poiblí freisin, mar “faisnéis”. Bíonn dhá impleacht bhuntábhachtacha i gceist dá bharr sin:
Tá na ceimeanna ba chóir do chomhlacht poiblí a leanúint i déileáil le hiarrataí SF ar fáil ag http://foi.gov.ie/FOI-PUBLIC-PROCUREMENT.