Baile Príobháideacht

Príobháideacht

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachais na Seirbhíse Náisiúnta Soláthair i dtaca leis an suíomh idirlín seo. Níl an SNS freagrach as ábhar ná as cleachtais phríobháideachais suíomhanna eile idirlín. Tá aon naisc sheachtracha le suíomhanna eile idirlín so-aitheanta go soiléir mar naisc sheachtracha. Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo. Tá meas ag an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair ar chearta a úsáideoirí agus mar riail ghinearálta, ní bhailíonn an tSeirbhís aon fhaisnéis phearsanta de chineál ar bith. I gcás go soláthróidh úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach mar fhreagairt ar cheistneoir nó ar shuirbhé, úsáidfear na sonraí chun críocha taighde nó anailíse agus chun na gcríoch sin amháin. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú go deonach don SNS de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus cloífear go docht leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003 ina leith.

Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn agus duine i mbun gnáthbhrabhsáil ar an idirlíon, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhíse Idirlín. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis sin:

  • Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat
  • Ainm an fhearainn bharrleibhéil a dtagann tú ar an Idirlíon uaidh (mar shampla, .ie, .com, .org srl.)
  • Cineál an bhrabhsálaí atá á úsáid agat
  • An dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár suíomh
  • An seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár suíomh.

Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achomair a chruthú a chuireann ar ár gcumas líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheasúnú, cé na leathanaigh is minice a mbreathnaítear orthu a aithint agus chun cabhrú linn ár uíomh a dhéanamh níos soúsáidte go ginearálta.

Ní úsáidtear fianáin ar an suíomh idirlín chun faisnéis a rianú, atá curtha isteach agat sa suíomh agus a fhágfaidh go mbeifear in ann tú a aithint go pearsanta. Úsáidtear fianáin 'seisiúin' ar an suíomh idirlín áfach chun turas custaiméara tríd na suíomhanna a rianú, rud a rannchuidíonn le slándáil agus sláine na sonraí atá á n-úsáid a chothabháil.

Fianáin

Píosaí beaga faisnéise, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann suíomh idirlín ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh idirlín fianáin a léamh agus tú ag breathnú ar an suíomh ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán a bheith ag baint le do nósanna brabhsála ar an leathanach idirlín, nó le huimhir aitheantais uathúil sa chaoi is go mbeidh "cuimhne" ag an suíomh idirlín ort agus tú ag breathnú arís air. Go hiondúil, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin a fhágfaidh go mbeifear in ann tú a aithint, ach amháin sa chás go bhfuil faisnéis den sórt sin curtha ar fáil agatsa don suíomh idirlín.