Baile Inrochtaineacht an tSuímh Idirlín

Inrochtaineacht an tSuímh Idirlín

Tá rún daingean ag an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair (SNS ina dhiaidh seo) a chinntiú go gcomhlíonfaidh an suíomh idirlín seo, chuig caighdeán “A Dúbailte”, na treoirlínte de chuid an World Wide Web Consortium (W3C) ar a dtugtar Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an Idirlíon (WCAG) 2.0. Is éard a chiallaíonn sé sin go praiticiúil ná gur cheart go gcomhlíonfadh gach leathanach na Critéir Ratha ábhartha Leibhéal AA (A Dúbailte) faoi mar atá sonraithe i dtreoirlínte WCAG 2.0.

 

Tá rún daingean againn a chinntiú go gcomhlíonfaidh aon ábhar breise a chuirfear leis an suíomh idirlín critéir sin “Leibhéal AA” na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an Idirlíon (WCAG) 2.0 de chuid an World Wide Web Consortium (W3C).


Gnéithe a bhaineann leis an Inrochtaineacht

Le cois critéir “Leibhéal AA” de chuid WCAG 2.0 a chomhlíonadh, tá gnéithe éagsúla soláthraithe againn ar an suíomh a bhaineann leis an inrochtaineacht.


Nasc Léimneach

Tá nasc léimneach soláthraithe againn do dhaoine a bhaineann úsáid as JAWS nó as léitheoirí eile scáileáin chun léim síos chuig ábhar an leathanaigh go díreach.


Ábhar, Struchtúr agus Cur i Láthair a Dhealú

Baintear úsáid as Stílbhileoga Cascáideacha (SBC) do leagan amach an tsuímh agus le gnéithe físiúla a fhormáidiú. Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí leis na Stílbhileoga sin nó más mian leat an áis sin a mhúchadh, beidh gach leathanach fós inléite agus gníomhach. Tá marcáil chuí struchtúrtha ag gabháil leis an ábhar go léir.


Téacs Mór agus Stíl Ardchodarsnachta

Tá áiseanna soláthraithe againn ar an suíomh seo go mbeidh duine in ann méid an téacs a mhéadú agus teacht ar leagan ardchodarsnachta den suíomh idirlín.

 

Is féidir scála gach cló a shocrú – soláthraítear modh le formhór na mbrabhsálaithe le bunmhéid réamhshocraithe don téacs a shonrú.  Is féidir leat méid an téacs a athrú trí úsáid a bhaint as do bhrabhsálaí.  Féach ar na háiseanna cúnaimh atá ar fáil i do bhrabhsálaí chun foghlaim conas méid an téacs a athshocrú nó conas úsáid a bhaint as na háiseanna zúmála. 


Saincheisteanna is eol a bheith ann ó thaobh Critéir Inrochtaineachta WCAG 2.0 a Chomhlíonadh

Tabhair do d’aire gurb eol na saincheisteanna seo a leanas a bheith ann ó thaobh na critéir thuasluaite a chomhlíonadh.  D’fhéadfadh na saincheisteanna sin dul i bhfeidhm ar an eispéireas a bheidh agat le linn do chuairte ar an suíomh idirlín.  Má bhíonn aon deacracht agat agus tú ag féachaint le teacht ar fhaisnéis, téigh i dteagmháil linn.


Cáipéisí i bhformáid PDF, Word agus Excel

Cuirtear faisnéis i láthair ar an suíomh seo i dteicneolaíochtaí áirithe nach gcomhlíonann critéir W3C, ar nós Portable Document Format (PDF), Microsoft Word (DOC, DOCX) agus Microsoft Excel (XLS, XLSX). Tá cáipéisí áirithe ar an suíomh seo ar fáil sna formáidí sin amháin. Fágann sé sin gur gá duit bogearraí de chuid tríú páirtí a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire. Toisc go dtagann na cáipéisí sin ó fhoinsí éagsúla, ní féidir linn dearbhú a thabhairt gur chruthaigh lucht a ndéanta iad agus na cleachtais inrochtaineachta is fearr ar intinn acu nó gur cuireadh treoirlínte inrochtaineachta na ndéantúsóirí, ó thaobh an teicneolaíocht sin a úsáid, san áireamh. 


Téigh i dTeagmháil Linn

Fáiltímid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh idirlín seo.  Is mian linn a fháil amach an mbíonn aon fhadhbanna agat ó thaobh a bheith ag teacht ar an suíomh idirlín.

 

Chun dul i dteagmháil linn, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig jackie.stewart@opw.ie nó glaoigh ar 046 942 6042.