Baile Ceisteanna Coitianta Ceisteanna Coitianta Soláthair

Ceisteanna Coitianta Soláthair

 

Níl sé i gceist go n-úsáidfí ábhar na "gCeisteanna Coitianta" seo ach mar threoir ghinearálta amhain, agus ní ionann é agus comhairle dlí. Ba cheart sainchomhairle dlí a lorg i gcúinsí sonracha.

Ceist 1: Cé leis a mbaineann na treoirlínte agus na rialacha maidir leis an soláthar poiblí?

Baineann siad le cúrsaí soláthair lena bpléann gach comhlacht poiblí san earnáil phoiblí, amhail Ranna/Oifigí Rialtais, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis sláinte, comhlachtaí tráchtála Stáit agus comhlachtaí Stáit nach comhlachtaí tráchtála iad. Tá formhór na gconarthaí maidir le hoibreacha agus seirbhísí gaolmhara a bhronnann aonáin phríobháideacha, agus a ndeonaíonn comhlacht poiblí fóirdheontas 50% nó níos mó ina leith, clúdaithe ag Treoracha an AE freisin i gcás go sáraíonn na conarthaí sin tairseacha an AE. Ba cheart conarthaí, a bhronnann aonáin san earnáil phríobháideach, a bhronnadh de réir na dtreoirlínte náisiúnta, oiread agus is féidir i gcás conarthaí atá faoi bhun thairseacha an AE agus a mhaoinítear, nó a maoinítear cuid díobh, as cistí poiblí.

Ar ais go barr

Ceist 2: Cén cás ina mbeidh orm tairiscint a iarraidh le soláthairtí agus seirbhísí a cheannach?

Is é bunphrionsabal an tsoláthair phoiblí gur cheart go mbeadh próiseas iomaíoch ann. Braithfidh cineál an phróisis ar luach an rud atá ag teastáil agus ar an gcineál rud atá i gceist.  Tá oibleagáid dlíthiúil ann go rachfar i mbun próiseas iomaíoch le haghaidh conarthaí atá os cionn thairseacha an AE agus go mbronnfar iad de réir nósanna imeachta atá leagtha amach i dTreoracha an AE maidir leis an soláthar poiblí.

Ar ais go barr

Ceist 3: An féidir liom cuireadh a thabhairt go díreach do pháirtithe le tairiscint a chur isteach?

Is féidir. Féadfar cuireadh a thabhairt do sholáthraithe nó do sholáthraithe seirbhíse a bheadh iontach oiriúnach le dul san iomaíocht le haghaidh conarthaí faoi bhun €25,000. Ba cheart gur leordhóthanach líon na soláthraithe a dtabharfar cuireadh dóibh tairiscint a chur isteach sa chaoi is go gcinnteofar go mbeidh leoriomaíocht ann, agus go roghnófar soláthraithe ar bhonn oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach. Tá sé inghlactha chomh maith, fógraíocht do chomórtais a fhorlíonadh os cionn tairseacha AE trí fhógra a sheoladh gur foilsíodh comórtas. Níor cheart tuilleadh páirtíochta a dhéanamh seachas i ngnáthchúrsa an chomórtais.

Ar ais go barr

Ceist 4: An gcaithfear iarrataí ar thairiscintí a fhógairt i nuachtáin náisiúnta?

Níl sé éigeachtach iad a fhógairt i nuachtáin náisiúnta. Ba cheart gach conradh poiblí os cionn €25,000 arna sainmhíniú i gCiorclán 10/10 na Roinne Airgeadais, agus roinnt faoin luach seo arna sainmhíniú i gCiorclán 02/09 na Roinne Airgeadais maidir le conarthaí TF, a fhoilsiú ar www.etenders.gov.ie. Is é suíomh idirlín etenders an príomhphointe tagartha d’aonáin ar spéis leo conarthaí a bhaineann le hearnáil phoiblí na hÉireann. Má mheastar gur gá fógra a dhéanamh i nuachtán nó trí mheán eile, moltar go bhfoilseofar fógra giorraithe ina ndéanfar tagairt do na sonraí go léir a bheith ar shuíomh etenders.

Ar ais go barr 

Ceist 5: Cén fáth a mbaineann tairseach €25,000 le fógraíocht ar etenders?

Tá sé ina cheanglas de réir Chiorclán 10/2010 ón Roinn Airgeadais go bhfógrófar conarthaí os cionn €25,000 ar etenders. Tugadh an ceanglas sin isteach sa chaoi is go mbeadh earnáil na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) in ann teacht ar chonarthaí poiblí. Luaitear i gCiorclán 10/10 gur cheart conarthaí os cionn €25k a fhógairt ar www.etenders.ie.

Ar ais go barr

Ceist 6: An bhfuil liosta ann de chonraitheoirí / soláthraithe / soláthraithe seirbhíse a úsáideann comhlachtaí poiblí?

Tá liostaí ag go leor comhlachtaí poiblí a dtugann siad cuireadh do chonraitheoirí srl. atá air tairiscintí a chur isteach le haghaidh riachtanas faoi bhun €25,000. Go hiondúil, is ar bhonn bliantúil a dhéanann údaráis chonarthacha, a choinníonn liostaí ar bun, iarratais a fhógairt agus a iarraidh ach féadfar iarratais a dhéanamh go díreach tráth ar bith chuig an Roinn/Oifig ábhartha, chuig an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair, chuig an údarás áitiúil ábhartha, údarás sláinte ábhartha srl.

Ar ais go barr

Ceist 7: An bhfuil méid íosta ama ann a chaithfear a thabhairt le tairiscintí a chur isteach?

Le haghaidh conarthaí faoi bhun thairseacha an AE níl aon teorainneacha forordaithe ama ann. Caithfear leordhóthain ama a thabhairt go mbeidh soláthraithe in ann tairiscintí a ullmhú. Ba cheart a chasta is a bheidh tionscadal / conradh a chur san áireamh agus an tréimhse ama á cinneadh a thabharfar do sholáthraithe le freagairt do chomórtas. Le haghaidh conarthaí os cionn thairseacha an A.E., tá feidhm ag rialacha fógraíochta na treorach maidir le cúrsaí soláthair ina leith. Baineann srianta ama na treorach soláthair le conarthaí os cionn tairseacha AE.

Ar ais go barr

Ceist 8: Cén chaoi a n-ullmóidh mé Iarraidh ar Thairiscintí (IAT)?

Sheol Ciorclán 1/11 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an tsraith nua cáipéisí teimpléid. Tá na cáipéisí deartha le húsáid i soláthar soláthairtí agus seirbhísí gnáthaimh, neamhordaithe agus le riosca íseal go meánach. Tá treoracha maidir le húsáid na gcáipéisí leis na cáipéisí tairisceana chomh maith. Is í líne chabhrach an NPS 1890 213 414. Feic chomh maith an Treoir maidir le soláthar 2004/18/EC.

Ar ais go barr

Ceist 9: Céard atá sa CCR?

Is éard atá sa CCR (Coiste Conarthaí Rialtais) coiste d’oifigigh soláthair ó Ranna agus ó ghníomhaireachtaí an Rialtais láir a bhfuil feidhm shuntasach acu maidir le cúrsaí soláthair nó a bhfuil freagracht orthu as earnálacha buntábhachtacha soláthair. Scrúdaíonn agus breithníonn an Coiste saincheisteanna maidir le cúrsaí soláthair agus cabhraíonn sé leis an Roinn Airgeadais agus leis an tSeirbhís Náisiúnta Soláthair le beartais soláthair a cheapadh, treoirlínte a dhréachtú agus an cleachtas is fearr a chur chun cinn maidir le cúrsaí soláthair.

Ar ais go barr

Ceist 10: An bhfuil ceadú ón gCCR ag teastáil uaim le conradh a bhronnadh?

Níl. In ionad an nós imeachta, inarbh éigean conarthaí áirithe de chuid Ranna agus Oifigí an Rialtais Láir a chur faoi bhráid an CCR lena gceadú, tugadh isteach an nós imeachta a leagadh amach i gCiorclán 40/02 na Roinne Airgeadais. Féadfaidh a gcuid nósanna imeachta inmheánacha féin a bheith ag údaráis chonarthacha lasmuigh d’earnáil an Rialtais Láir le conarthaí a cheadú.

Ar ais go barr

Ceist 11: Céard is Treoracha maidir le Cúrsaí Soláthair ann?

Tá na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí mar chuid de na huirlisí reachtúla atá ina cheangal ar chomhlachtaí poiblí i mBallStáit agus iad ag soláthar oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí, os cionn tairseacha áirithe, in Iris Oifigiúil an AE. Áirítear sa chorpas dlí seo na riachtanais maidir le fógraíocht, nósanna imeachta agus caighdeáin chun conarthaí a bhronnadh ar bhealach a chinntíonn iomaíocht oscailte, trédhearcach agus chothrom.  Tá iarmhairtí dlí mura gcloítear leis na forálacha reachtúla seo. Anuas air sin, d’fhéadfadh céimeanna éagsúla moilleanna agus/nó pionóis airgid a bheith i gceist.

Ar ais go barr

Ceist 12: Céard iad tairseacha Threoracha an A.E. maidir le Cúrsaí Soláthair?

Is iad seo a leanas na luachanna ábhartha (gan CBL san áireamh) is infheidhme ó 1 Eanáir 2010 go dtí 31 Nollaig 2011, a bhfuil sé éigeantach conarthaí atá os a gcionn a fhógairt in Iris Oifigiúil an A.E.:

Oibreacha
Is le Ranna agus Oifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí eile a bhaineann tairseach €4,845,000 le conarthaí a chaithfear a fhógairt.

Soláthairtí agus Seirbhísí
Is le Ranna agus Oifigí Rialtais a bhaineann Tairseach €125,000 maidir le conarthaí a chaithfear a fhógairt. Is le hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus le Comhlachtaí Poiblí lasmuigh d’earnáil na bhFóntas a bhaineann Tairseach €193,000 maidir le conarthaí a chaithfear a fhógairt.

Fóntais
Conarthaí le haghaidh Oibreacha / Réamhfhógra Léiritheach €4,845,000 - d’aonáin in earnálacha na bhFóntas atá clúdaithe ag an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais. Soláthairtí agus Seirbhísí €387,000 - d’aonáin in earnálacha na bhFóntas atá clúdaithe ag an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais.

Ar ais go barr

Ceist 13: An bhfuil aon díolúiní ó na Treoracha ann?

Tá formhór mór na gconarthaí poiblí atá os cionn na dtairseacha ábhartha faoi réir fhorálacha Threoracha an A.E. maidir le cúrsaí soláthair phoiblí. Tá díolúiní fíortheoranta ann, mar shampla, i réimse na Cosanta agus na Slándála Stáit. Ní bhíonn roinnt seirbhísí, atá i gceangal leis na treoracha agus atá liostaithe in Aguisín IIB de na Treoirlínte maidir le Próisis Iomaíocha, faoi réir fhorálacha iomlána na treorach agus níl fógraíocht in IOAE éigeantach. Tá sé ina bheartas náisiúnta áfach conarthaí dá leithéid lena mbaineann luach suntasach a fhógairt mar chuid de phróiseas iomaíoch. Caithfear iad a bhronnadh de réir phrionsabail trédhearcachta Chonradh an A.E. freisin (fógraíocht mhíchuí atá i gceist leis sin), chomh maith leis na prionsabail maidir le neamh-idirdhealú ar bhonn náisiúntachta, saoirse seirbhísí a sholáthar, saoirse bhunaíochta.

(a) Eisítear cineálacha áirithe conarthaí ón Treoir, mar shampla; conarthaí sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist (Airteagal 12 2004/18/EC), conarthaí teileachumarsáide (Airteagal 13) agus conarthaí slándála speisialta (Airteagal 14).

(b) Níl roinnt seirbhísí, nasc-ghafa leis na treoracha agus arna liostú in Aguisín IIB de na Treoirlínte maidir leis an bPróiseas Iomaíochta, faoi réir fhorálacha iomlána na treorach agus níl fógraíocht san OJEU éigeantach. Ach, tá sé mar chuid de bheartas náisiúnta conarthaí de luach suntasach a fhógairt mar chuid de phróiseas iomaíoch. Caithfear iad a bhronnadh de réir phrionsabail trédhearcachta an Chonartha AE (tugtar fógraíocht chuí le fios anseo), gan idirdhealú ar chúinsí náisiúntachta, saoirse chun seirbhísí a sholáthar, saoirse bhunaíochta.

Má tá amhras ar bith ort, déan tagairt don Treoir nó faigh comhairle dlí.

Ar ais go barr

Ceist 14: Cén chaoi a bhfoilseoidh mé m’fhógraí / m’fhógráin maidir le conarthaí in IOAE?

Ba cheart d’údaráis chonarthacha a bhfógraí a chomhlánú agus a fhoilsiú ar líne i gcónaí ar www.etenders.gov.ie nó ar shuíomh gréasáin um sholáthar poiblí an AE http://SIMAP.eu.int. Tá treoir ar an dá shuíomh idirlín d’úsáideoirí maidir le foilsiú a chur i gcrích ar an idirlíon.

Ar ais go barr

Ceist 15: Éilítear ar fhoirm IOAE go dtabharfar le fios an teanga nó na teangacha inar féidir tairiscintí a dhréachtú. Céard is cóir dom a chur isteach anseo?

Caithfear glacadh le freagairtí i gceann de theangacha oifigiúla an A.E., an Béarla, mar shampla. Faoi bheartais náisiúnta áfach, caithfear glacadh le tairiscintí i nGaeilge freisin; mar sin is í an Ghaeilge nó an Béarla a chaithfear a chur isteach go hiondúil.

Ar ais go barr

Ceist 16: An éigeantach Fógra Réamhfhaisnéise (FRF) a fhoilsiú in IOAE?

Níl sé éigeantach PIN a fhoilsiú. I gcás go mbeidh riachtanais bhliantúla mheasta os cionn €750,000 áfach le haghaidh catagóirí comhchosúla de sholáthairtí nó de sheirbhísí, spreagtar comhlachtaí poiblí srl. FRF a fhoilsiú chun cabhrú leis an trédhearcacht agus mar mhodh le cur ar chumas soláthraithe agus soláthraithe seirbhíse ullmhúchán a dhéanamh roimh ré le tairisicint a chur isteach le haghaidh conarthaí atá le teacht. Má fhoilsíonn údaráis chonarthacha FRF agus an mhéid riachtanach d'fhaisnéis ann, is féidir leo leas a bhaint as amanna íosta giorraithe maidir le léirithe suime a chur isteach le haghaidh tairiscintí. I gcás “próifíl ceannaitheora”, ina mbeidh an mhéid riachtanach d’fhaisnéis, a fhoilseofar ar shuíomh idirlín agus a fhógrófar trí fhógra gairid in IOAE, comhlíonann sé sin an fheidhm chéanna is a dhéanfadh FRF a d’fhoilseofaí in IOAE.

Ar ais go barr

Ceist 17: Mura bhfuil fógra curtha isteach in IOAE agam agus i gcás go mbeidh na tairiscintí a fuarthas os cionn thairseacha an AE, céard is féidir liom a dhéanamh?

Caithfidh meastacháin ar chostais a bheith réadúil agus ag brath ar an éarlais os cionn tairseach an AE, ba cheart d’Údaráis Chonarthacha comhairle dlí a lorg.  Má bhíonn praghasanna tairiscintí a fhaightear os cionn thairseacha an AE, caithfidh údarás conarthach a bheith in ann seasamh lena mheastachán bunaidh má bhronnann se conradh gan fógraíocht a bheith déanta in IOAE. Ba cheart d’Údaráis Chonarthacha a thabhairt faoi deara go mbeidh iarmhairtí i gceist le bronnadh mídhleathach conarthaí go díreach.

Ar as go barr 

Ceist 18: Tá práinn le mo chonradh – an gcaithfidh mé fógraíocht a dhéanamh in IOAE agus cloí leis na hamanna íosta le haghaidh freagairtí atá leagtha amach sna Treoracha?

Tá forálacha sna Treoracha maidir le conradh a bhronnadh (gan fógraíocht) agus maidir le dlús a chur le nós imeachta fógartha i gcúinsí práinneacha agus eisceachtúla.  Tá léirmhíniú an-chúng ag an gCúirt Eorpach agus ag Coimisiún an AE ar ‘phráinn’ agus ar ‘chúinsí eisceachtúla’ áfach.   Is fíorannamh a mbeidh údar leis na cásanna ina rachfaí i muinín na bhforálacha sin agus caithfear a bheith chomh cúramach agus is féidir sula mbainfear leas astu. Caithfidh nach bhféadfaí na cúinsí eisceachtúla / an phráinn a thuar roimh ré agus caithfidh nár tháinig an cás chun cinn de dheasca aon ghnímh nó neamhghnímh de chuid an údaráis chonarthaigh. Bheadh comhairle dlí inmholta sna cúinsí seo.

Ar ais go barr 

Ceist 19: An féidir liom idirbheartaíocht a dhéanamh le margadh níos fearr a fháil ar phraghas tairisceana chun luach níos fearr ar airgead a fháil?

Tá cosc faoi rialacha an AE ar idirbheartaíocht tar éis do thairiscintí a bheith faighte toisc go laghdaítear an trédhearcacht dá bharr agus toisc go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an bpróiseas tairiscinte dá ndéanfaí amhlaidh. Tá an córas deartha sa chaoi is go bhfeidhmeofar é ar an mbonn go gcuireann tairgeoirí an tairiscint is iomaíche dá gcuid isteach mar fhreagairt ar na sonraíochtaí a leagadh amach in FRF.   I gcás nach féidir le húdaráis chonarthacha riachtanais a shonrú sách beacht sa chaoi is go mbeifear in ann tairiscintí praghsáilte a chur isteach, tugtar cead leis na rialacha nós imeachta idirbheartach a úsáid.  Caithfear an idirbheartaíocht a dhéanamh ar bhonn cothrom leis an oiread trédhearcachta agus is féidir.

Ar ais go barr

Ceist 20: An féidir conarthaí a fhadú?

Is féidir conarthaí a fhadú i gcúinsí áirithe.  Leagtar amach sna Treoracha AE na cúinsí ina bhféadfaí síntí le conarthaí a cheadú. De ghnáth, srianann na forálacha síntí chuig 50% de bhunluach na gconarthaí chomh fada is go sásaítear coinníollacha ar leith. Ba cheart go mbeadh údaráis chonarthacha stuama agus na riachtanais féideartha ar fad a réamh-mheas, chomh fada agus is féidir, roimh an fhógraíocht.

Ar ais go barr

Ceist 21: Céard atá sa Stór Focal Coiteann don Soláthar?

Is éard atá sa ‘Stór Focal Coiteann don Soláthar’ (SFCS) cód le cur síos a dhéanamh ar oibreacha, ar sholáthairtí agus ar sheirbhísí atá le fógairt in IOAE. Tá sé ar fáil ar http://SIMAP.eu.int. Is fearr é a fheiceáil nó a íoslódáil in ‘Excel’. (Tá nasc ann le suíomh an A.E. ar www.etenders.gov.ie).

Ar ais go barr

Ceist 22: Céard atá sa CSR?

Is éard atá sa CSR (Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais) comhaontú foirmiúil a thug roinnt Ballstát den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, an A.E. san áireamh, i gcrích go gcomhlíonfadh na sínitheoirí beartas agus cleachtas oscailte neamh-idirdhealaitheach maidir le cúrsaí soláthair phoiblí. Tá forálacha Threoracha an AE agus an CSR comhchuibhithe go dlúth. Tá beagnach gach conradh poiblí clúdaithe faoin gCSR. Is iad na príomheisceachtaí conarthaí seirbhíse de chuid comhlachtaí poiblí le haghaidh taighde agus forbartha agus conarthaí a dhéanann aonáin in earnálacha fóntas áirithe (.i. gás, teas, ola agus iarnróid), atá clúdaithe faoi Threoracha an AE amhain. Tá tairseacha difriúla infheidhme de thoradh an athraithe bhig sa chlúdach sin, agus tá na tairseacha difriúla tugtha le fios in Aguisín I de na Treoirlínte maidir leis an bPróiseas Iomaíoch.

Ar ais go barr

 

Ceist 23: Cén fad an tréimhse sosa a éilítear faoin Treoir nua maidir le Leigheasanna?

Déantar socrú le Rialacháin na hÉireann (lena gcuirtear an Treoir maidir le Leigheasanna i ngíomh) le haghaidh tréimhse sosa a mhairfidh ceithre lá dhéag (14) ar a laghad, tréimhse a seolfar fógra lena linn ar an bhfacs nó go leictreonach le Rialacháin na hÉireann a chomhlíonadh, agus le haghaidh tréimhse sosa a mhairfidh sé lá dhéag (16) ar a laghad, i gcás go seolfar fógra trí aon mhéan eile. Is é is cúspóir le tréimhse sosa go bhféadfar leigheas éifeachtach, sula socrófar conradh, a thabhairt do thairgeoirí nár éirigh leo agus ní fheadfaidh an t-údarás conarthach clabhsúr a chur le conradh le tairgeoir, atá aitheanta mar an tairgeoir is fearr leo, le linn na tréimhse sin.

Ar ais go barr